|
Nuair a bhíonn tú glan in aghaidh rud, ní dhéanann tú éascaíocht dó, ach do mhíle dícheall cosc a chur leis ar chaoi ar bith atá ar do chumas. Rinne príomhpháirtithe an fhreasúra margadh le ciorruithe na cáinaisnéise a ligean tríd, le súil go n-éalóidís féin óna milleán.
Níor cheart mórán ionaidh a bheith orainn le Fine Gael, ach cén fáth a bhfuil an Lucht Oibre sa gcomhluadar seo? Dá mba pháirtí lucht oibre i ndáiríre iad, ní bheadh baint ná páirt acu leis an ollionsaí seo ar oibrithe na tíre. Seachas margáil a dhéanamh faoi théarmaí an IMF, déarfaidís glan amach nach n-íocfaidh muide as cionta na mbaincéirí beag ná mór.
Ach ní thig leo bóthar ar bith a aimsiú ach comhrialtas le Fine Gael. Bhí toradh soiléir ar a leithéid san am a caitheadh: gur thug an comhrialtas faoin gcosmhuintir, agus gur thug an chosmhuintir faoin Lucht Oibre ag an gcéad toghchán eile. Agus is measa ná ariamh na cúinsí eacnamaíochta atá roimh an gcomhrialtas seo chugainn, cúinsí a nglacann an Lucht Oibre leo go dílis.
Tá bóthar eile ann, dá mbeadh sé de shamhlaíocht acu é a fheiceáil. D’fhéadfaidís fanacht glan ar Fhine Gael agus tabhairt orthu comhar a dhéanamh le Fianna Fáil.
Agus na páirtithe ar dheis caite i dteannta a chéile, b’fhéidir leis an Lucht Oibre cur ina n-aghaidh agus eagrú lena gcur as cumhacht. Sheasfadh eite chlé is eite dheis in éadan a chéile, agus bheadh bunathrú ar pholaitíocht na hÉireann.
Ar éigean a fhásfas cnámh droma sa Lucht Oibre thar éis an achair seo, áfach. Is dual staire don pháirtí gur tarraingtí leo draíocht na ranna rialtais ná leas fadtréimhseach na ndaoine a vótáil dóibh. Níl aon fhonn orthu slógadh sna ranganna ar chlé.
Tá a fhonn sin ar Shinn Féin, iad ag fógairt go neamhbhalbh go mba cheart cur suas do chlár na gciorruithe. Pé easnamh atá ar thuiscint eacnamaíochta Gerry Adams, tuigeann sé gur fánach airgead a choinneáil leis na bancanna neamhbheo. Ní bhaineann sé leis na saineolaithe nach mbíonn le moladh acu ach níos mó a bheith ag na saibhre agus níos lú ag an gcuid eile againn, ach ní haon mhíbhuntáiste sin.
Tá míbhuntáistí le straitéis Shinn Féin, áfach. Thar éis an comhaontú leis an IMF a chaitheamh i leataobh, tá sé i gceist acu a ghabháil ar ais chuig na margaí airgid. Ach ní thugann na margaí céanna iasachtaí do stát go mbíonn siad lánsásta go bhfuil a pholasaí eacnamaíochta fábharach dóibh féin. Agus má bhíonn sé fábharach dóibh siúd, bí cinnte go mbeidh sé mífhábharach do ghnáthmhuintir na tíre.
Bhí Sinn Féin sa gcruachás seo cheana, i bhfeidhmeannas an tuaiscirt. Cuireadh brú idirnáisiúnta orthu gearradh siar ar sheirbhísí leis na cuntais stáit a chothromú, rud a rinneadar dhá mhí ó shin, ag cur luach £4 mhilliún de chiorruithe i bhfeidhm.
Tá Comhaontas an Chlé Aontaithe ann, ach ní cuma chomhaontaithe atá orthu. Tá póstaeir dá gcuid féin in airde ag grúpaí atá páirteach ann, póstaeir nach luann a gcomhaontas ar chor ar bith, chomh maith le preasocáidí ar leith. Mara ligeann na difríochtaí dóibh cur le chéile ar feadh an toghcháin, is beag an seans go ndéanfaidh siad conlán aontaithe ina dhiaidh.
Níl polasaithe an Chomhaontais chomh radacach agus is gá, ach an oiread. Dúirt iarrthóir leo i ndíospóireacht teilifíse nach bhfuil uathu ach cupla céatadán a chur leis an gcáin corparáide, ardú nach mbainfeadh den iomaíochas.
Ach níl san iomaíochas ach ainm eile ar dhrochphá is ardbhrabach. Ní féidir aon dul chun cinn a dhéanamh fad is a bheas na hollchomhlachtaí ag íoc leath an ráta cánach a íocann oibrithe ar phá íseal. Cé gur maith is fiú vóta iad an Comhaontas, ní leor don eite chlé a bheith ina leagan níos dána den Lucht Oibre.
Ní miste cuimhniú nach é an toghchán an t-aon rud atá ar siúl. Agus aird dá díriú ar gheamaireacht na bpolaiteoirí, bhí cath ní ba thábhachtaí dá chur in aerfort Bhaile Átha Cliath. Dá n-éireodh le plean Aer Lingus, bheadh fostóirí ar fud na tíre ag ciapadh oibrithe le obair breise a dhéanamh. Fiú marar bhain na hoibrithe cábáin bua glan, tá fáth againn a bheith buíoch gur sheasadar an fód.
Cibé toradh a bheas ar an toghchán seo, beidh troid le déanamh againn lenár mbeatha a chosaint is a fheabhsú. Nuair a bheas an freasúra ina rialtas, beidh orainn freasúra úr a thógáil ina n-aghaidh, agus is taobh amuigh de Theach Laighean a thógfar é. |